Tá teachtaireacht comhghairdis seolta ag an Ball Tionóil Doiminic Ó Brolcháin chuig Raidió na Gaeltachta i ndiaidh don stáisiún a 40ú Bliain ar an aer a shroicint. Agus é ag labhairt ar an Chlár Athmhaidin bhà an méid seo le rá ag an Bhrolchánach,
‘Ba mhaith liom comhghairdeas ó chroà a dhéanamh le foireann RnaG agus gach duine a raibh baint aige ó bunaÃodh an stáisiún as 40 bliain craoltóireachta a bhaint amach. Thug RnaG guth do phobal na Gaeltachta agus dá chultúr nuair nach raibh gléas oifigiúil craoltóireachta rialta ann dóibh. NÃos faide anonn ina shaol thug an stáisiún guth don Ghaeilge ar fud na tÃre, agus anois le teacht an idirlÃn, ar fud an domhain.
‘Traoslaim a gcuid oibre le gach a raibh baint acu leis an stáisiún ó bunaÃodh é ach go háirithe le ceannasaà reatha an stáisiún Edel Nà Churrraoin. Ba mhór an gaol a bhà ag an stáisiún leis na Sé Chontae thar na blianta go dtà an lá inniu agus bhà na craoltóirà i gcónaà thar a bheith sásta teacht anseo agus cláracha a dhéanamh faoi shaol na ndaoine abhus, agus leoga is iomaà clár iontach a rinne siad. Thug na cláracha sin misneach do phobal na Gaeilge anseo agus beidh muid de shÃor faoi chomaoin ag an stáisiún dá thairbhe.
‘GuÃm gach rath ar Raidió na Gaeltachta sna blianta atá amach roimhe agus is connte go mbeidh an stáisiún chun tosaigh i gcúrsái craolacháin Gaeilge ar feadh 40 bliain eile ar a laghad.’



